Ar ámharaí an tsaoil, bhí sos beag againn ón mbáisteach ag tús na seachtaine le haghaidh ár gcomórtas peile Gaelaí. Ghlac a lán daltaí páirt sa blitz agus ghlac triúr dalta ón gcúigiú bliain – Áine Brennan, David Coakley, Jeff Foley – ról an réiteora orthu féin. Bhí an tinreamh is mó ag an gcúigiú bliain!
Tráthnóna Dé Máirt, bhí an WWH plódaithe le daltaí nuair a bhí Róise agus Frank ar siúl. Bhain siad an-taitneamh as.
Bhí Tráth na gCeist ar siúil againn Dé Céadaoin agus bhí ceist réitigh de dhíth ar bheagnach gach bliain.
Ar an Déardaoin, bhí céilí ar siúl sa WWH agus ghlac chuile dalta páirt ann. Tá An Dreoilín fós ar bharr liosta KH! Buíochas mór le Shifra O’Toole agus Seán Maguire a rinne an MC ar an lá dúinn! Ba mhór an chraic a bhí againn.
Ghlac go leor múinteoirí agus daltaí páirt sa phoc fada maidin Dé hAoine. Buaiteoirí Shóisearacha: Elyse McIlreavy (63m) agus Kevin Qin (87m – an poc is faide i mbliana!!). Buaiteoirí Sinsearacha: Rory Kessington-Momoh (57m) agus Annabel Eighan (35m). Buaiteoir na Foirne: Mr. Gibb (72m)
Buíochas mór le gach uile dhuine a ghlac páirt i Seachtain na Gaeilge.
Translated as:
Irish Language Week Fortunately, we had a little break from the rain at the start of the week for our Gaelic football competition. Many students took part in the blitz, and three students from fifth year – Áine Brennan, David Coakley, Jeff Foley – took on the role of referee themselves. The highest attendance was in fifth year! On Tuesday afternoon, the WWH was packed with students when Róise and Frank were happening. They enjoyed it a lot. We had a Quiz on Wednesday, and almost every year needed a solution question.
On Thursday, there was a céilí held at the WWH and every student took part in it. An Dreoilín is still at the top of the KH list! Many thanks to Shifra O’Toole and Seán Maguire who acted as the MC for us on the day! We had great fun. Many teachers and students took part in the long puck on Friday morning. Junior winners: Elyse McIlreavy (63m) and Kevin Qin (87m – the longest puck this year!!). Senior winners: Rory Kessington-Momoh (57m) and Annabel Eighan (35m). Team winner: Mr. Gibb (72m) Many thanks to everyone who took part in Seachtain na Gaeilge.
